An Ghaeilge agus Éirí Amach na Cásca

Sa réamhrá le Mise agus an Connradh, chuir Dubhghlas de hÍde an cheist i 1931 cérbh iad na daoine a ghlac páirt sa chéad-Dáil?

le Pádraig Ó Macháin, Scoil Léann na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile

 

Mar seo a d’fhreagair sé a cheist féin: ‘Ba chlann do lucht Sinn Féin iad. Cia’r bh’iad lucht Sinn Féin? Ba chlann do Chonnradh na Gaedhilge iad (iad go léir, nach mór).’
Cé nár thaithin leis riamh go mbeadh claonadh polaitiúil le sonrú ar imeachtaí an Chonartha, ní bhfaigheadh sé gan an leanúnachas ón gConradh go bunú an Stáit a admháil, agus é sin a dhéanamh le mórtas.

 

Ní i mblianta tosaigh an fichiú haois, áfach, a baineadh leas as an nGaeilge don gcéad uair mar áis pholaitiúil in aimsir achrainn. Bhí tús curtha leis sin fadó sa ré Eilíseach. Is deacair a rá, áfach, go raibh an Ghaeilge riamh ina suaitheantas polaitiúil d’aon ghnó, más ea, in aon cheann de na sé hócáidí a dtagraítear dóibh i bhForógra na Cásca, na hócáidí ó 1601 go 1867 gur éirigh na Gaeil amach i gcoinne Shasana.

 

Chaithfí fuireach ina comhair sin go dtí na blianta arbh é Éirí Amach na Cásca 1916 a gceann cúrsa; a bhuíochas sin ar Chonradh na Gaeilge, ar Chumann Lúthchleas Gael, agus go háirithe ar an IRB a thuig a thábhachtaí is a bhí gluaiseacht na teangan dá gcuspóirí féin.

 

Idéalachas agus caoithiúlachas an dá thréith atá le brath ar chuid ar a laghad den bplé a bhí ag muintir na réabhlóide leis an nGaeilge sna blianta roimh Éirí Amach na Cásca. Ghaibh cuid an chaoithiúlachais leis an leas a baineadh as an gConradh go háirithe mar fhoinse earcaíochta don IRB.

 

ColiseumTheatreInRuins1916_large.jpg

 

Ag féachaint siar dúinn anois air, ní deacair a thuiscint a nádúrtha is a bhí sé go ndéanfaí iarracht ar ghluaiseacht na teangan a phósadh ar ghluaiseacht na saoirse. Rud ab ea é san am, áfach, a thug ar De hÍde éirí as an gConradh sa mbliain 1915, agus daoine ar nós Risteird de Hindeberg, Ollamh le Gaeilge i gCorcaigh, ar a lucht tacaíochta.

 

Áitíonn Éamonn Ó Duibhir (Bláith-fhleasg ó Thiobraid Árann) gur chuir cuid de lucht na hAthbheochana i gcoinne iarrachtaí na Bráithreachta ar bholscaireacht fhrith-phreasála a scaipeadh i gCo. Thiobraid Árann. Tríd is tríd, áfach, talamh réidh ag an IRB ab ea gluaiseacht na Gaeilge de ghnáth.

 

Mar adeir Séamas Ó Maoileóin ina leabhar B’fhiú an Braon Fola, ag tagairt dó don tamall a bhí caite i gCo. Laoise aige sa mbliain 1915: ‘Is beag Domhnach nach mbíodh muid ag cluiche iománaíochta nó ag cluiche peile, ag feis nó ag céilí in áit éigin ar fud an cheantair agus is annamh a theipeadh orainn duine nó beirt nó níos mó a chomhcheangal leis an mBráithreacht. Bhíomar ag baint feidhme mar is gnáth as Cumann Lúthchleas Gael agus as an gConradh chun gluaiseacht na saoirse a neartú.’

Rud déthreoch ab ea an cleamhnas seo idir an pholaitíocht agus an teanga. Agus ní le foghlaimeoirí amháin a bhain an díograis a bhí le tabhairt faoi ndeara orthu siúd a bhí faoi gheasa ag an deis a bhraitheadar chúchu ‘Goill do shraoineadh tar sál sair’.

Ghlac go leor cainteoirí dúchais páirt in imeachtaí na seachtaine. Gaeilgeoirí go hiomlán nach mór a bhí le Liam Ó Maoilíosa sa Choláiste Talmhaíochta gar do Bhéal Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, mar shampla. I dteannta Dhomhnaill Uí Bhuachalla ar a thuras ó Mhaigh Nuad go hArd-Oifig an Phoist, mar shampla eile, bhí beirt den mbuíon bhuachaillí ó Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge (Liam Ó Réagáin agus Seán Ó Gríobhtháin) a bhíodh ar aimsir ina shiopa aige.

 

Ar na daoine a thagadh i bhfocail Yeats ‘with vivid faces / From counter or desk among grey / Eighteenth-century houses’, níl amhras ná gurb é an Piarsach is minicí a luaitear nuair a bhítear ag tagairt don teanga náisiúnta i gcúrsaí na réabhlóide. Bunaitheoir Scoil Éanna, é ina eagarthóir ar an Claidheamh Soluis, a aisling phearsanta á múnlú agus á cur i bhfoirm aige tré mheán na filíochta Gaeilge, agus buíonta na nÓglach á ngríosadh as Gaeilge aige agus é ar a chamchuaird sa tír: ba dheacair teacht ar dhuine ar bith eile ba mhó a dhein beart do réir bhriathar, ná ba mhó a sheasódh inniu mar shiombal don nGaeilge mar theanga na réabhlóide.

 

Taobh amuigh de na gnéithe taibhseacha sin, bhí tionchar níos caolchuisí ag oidhreacht na teangan ar shaothrú polaitiúil an Phiarsaigh. Mar shampla, á ghlacadh leis gurbh é a chum ‘Forógra na Cásca’, cáipéis Bhéarla, cé déarfadh nach mar a chéile an Éire mhná a chuireann gairm ar a clann mhac agus a clann iníon buille a bhualadh ar son na saoirse, agus Éire na nAislingí, an bhean a mhaíonn i ndán an Phiarsaigh gur sine í ná ‘an Chailleach Bhéarra’?

 

EoinMacNeill1916Letter_large.jpg

 

Caithfidh gur mheas na fir agus na mná cúise gur rud do-shrianta an ghluaiseacht teangan a bhí faoina gcúram. Bhí an ceart acu sa mhéid is go bhfuil a n-anáil le brath i gcónaí i nithe agus in eachtraí stairiúla ar nós an Bhunreachta, éileamh cearta sibhialta na Gaeltachta, múineadh na teangan sna campaí géibhinn sna 1940í agus sna H-bhlocanna níos déanaí anonn, agus go leor eile.

 

Fiú sna blianta díreach i ndiaidh an Éirí Amach bhí athrú dromchlach éigin le brath nuair a thosnaigh an ghnáth-mhuintir ar ainmneacha baiste Gaelacha a úsáid, agus, mar adeir Frank O’Connor (An Only Child) gur mhol foinse amháin ‘that English as a “secondary” language be dropped in favour of French’.

 

Cuid d’oidhreacht na Cásca 1916 a d’athraigh diaidh ar ndiaidh i mblianta na Poblachta ná an t-idéalachas i leith na teangan. Fiú san am úd féin ní raibh gach aoinne ar aon fhocal ina thaobh. Ar an seachtar a chuir a n-ainmneacha leis an bhForógra, b’fhéidir gurbh ag Séamas Ó Conghaile a bhí an léamh ba shuimiúla ar ghluaiseacht na Gaeilge san am.

 

Mhaífeadh De hÍde gurbh é Cú Chulainn sinsear ‘lucht an Chonnartha’. Léigh an Piarsach eagrán Kuno Meyer de ‘Mé Éabha’ agus dhein ‘Mise Éire’ de. Ba é breithiúntas an Chonghailigh ar a leithéid áfach ná é seo:

‘If [na Conraitheoirí] did not so persistently revert for their inspiration to the past they would lose nothing and gain much in our estimation.’

Bhí fuar ag an gConghaileach áfach má mheas sé aghaidh mhuintir na teangan ná mhuintir na réabhlóide féin a dhíriú ar an aimsir láithreach amháin, nó ar an am a bhí le teacht fiú, agus an aimsir chianchaite a fhágaint ina ndiaidh: tá friotal an Fhorógra féin ina fhianaise air sin, agus imeachtaí den tsórt seo leanas chomh maith.

 

Seachtain na Cásca, agus iad ag gabháil ó thigh go tigh ar an dtaobh iarthair d’Fhaiche Stiabhna, tháinig buíon den gcomplacht a bhí faoi cheannas Mhichíl Uí Mhealláin ar sheomra ina raibh leabhair mhóra ar stóras, macasamhla na seanlámhscríbhinní Gaeilge. Bhí na fir faoi ionsaí ag díorma de shaighdiúirí na Breataine a bhí ag scaoileadh leo ó dhíon Óstán Shelbourne agus ó dhíon an University Club, agus ar éigin má bhí duine acu a raibh suan ná suaimhneas déanta aige le dhá lá ó thosnaigh clampar an Luain.

 

Mhínigh Liam Ó Briain dóibh gurbh é seo Scoil Ard-Léinn na Gaeilge. ‘An dtuigeann sibh’, arsa sé, ‘is ar son a bhfuil sna seanleabhra sin atáimid ag troid, d’fhéadfaí a rá!’ Ina leabhar, Cuimhní Cinn, deir Liam gur ‘thugadar go léir a mionna agus a móide gurbh fhearr leo bás a fháil ná méar a leagan ar cheann de na leabhra sin.’

 

Níl eachtra d’imeachtaí na Cásca 1916 is fearr ná é a léiríonn an t-idéalachas a bhain le dearcadh na bhfear gnímh i leith na teangan san aimsir sin, dearcadh a bhronnadar mar chuid dá n-oidhreacht ar an Saor-Stát óg ar ball. As an gclaochlú nádúrtha a d’imigh air sin do réir a chéile is ea a tháinig an t-ardmhisneach atá sa Ghaeilge inniu, in gach aon chuid den saol, in Éirinn agus ar fuaid an domhain.

 

 

  • Tá an tOllamh Pádraig Ó Macháin ina cheann ar Roinn na Nua-Ghaeilge agus ina cheann ar Scoil Léann na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

News & Events

University College Cork, Western Road, Cork, Ireland   |    +353(21) 480 2110   |   [email protected]
Copyright © UCC 2015/Irish Examiner 2015   |   Website by Doodle